Sadhbh Ní Bhruinneallaigh
Ní iarrfainn de spré le Sadhbh Ní Bhruinnealla
Ach Baile Inis Gé is cead éalú ar choinníní
Curfá
Óra a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinnealla
A chuisle is a stóirín, éalaigh is imigh liom
Fear maith I mbád mé togha fear iomraimh
Fear sluaisid' is láí ar dhá cheann an iomaire
Máistir báid mhóir mé a' gabháil ród na Gaillimhe
D'fhliuchfainn naoi bhfód is ní thóigfinn aon fharraige
Máistir báid mhóir go deo ní ghlacfad
Nuair a fhaigheann siad an chóir 'sé is dóichí nach bhfanann siad
Mhionnóinn naoi n-uaire ar leabhar mór an Bhairéadaigh
Nach scarfainn go deo le Sadhbh Ní Bhruinnealla
Níl falach I gcabhail ar Shadhbh Ní Bhruinnealla
Ach seanchóitín donn gan cabhail gan muinchille
Nuair a théimse 'un an chomhra ag comhaireamh an airgid
Bíonn an iníon is an bhean is iad caillte le gean orm
Nuair a thiocfas lá breá 'gus an ghaoth ón bhfarraige
Tabharfaidh mé Sadhbh liom go céibh na Gaillimhe
Óra a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinnealla
A chuisle is a stóirín, ba rí-mhaith dhuit mise agat!
Ouça estações relacionadas a Celtic Woman no Vagalume.FM