Maidin Domhnaigh, is mé ag dul go hEochaill Do casadh an óig-bhean orm sa tslí Bhí a gruaig ar áilleacht ar sileadh thóirste Is ba bhinne a glór ná na ceolta sídhe Leagas mo lámh ar a bráid le mórtas Is d'iarr mé póigín ar stór mo chroí Sé duirt sí "Stad is ná strac mo chlóca Is gan fios do ghnósa ag bean do thí"
"Seo mo lámh duit ná fuilim pósta 'S gur buachaill óg mé thug gean do mhnaoí 'S dá dtriallfá liomsa ar ais go hEochaill Go bhfaighfeá ómos mar a gheobhadh bean tí Chuirfinn high-caul cap i gceart is i gcóir ort Gúna, clóca is caipisín Bheadh siopa dram againn de'n bhfíon is den bheoraigh Is do leanbh dóigheamhail ag siúl an tí"
"Níl ann ach uair bheag ó d'fhág mise Eochaill 'S ní ligeann an brón dom filleadh arís Mar go mbheadh mo mhuintir i bhfeirg mhór liom 'S cha bhfaighinnse fóirthint óm' chairde gaoil Leath a ndeir siad, ní dheanaim a gcomhairle Ach buailim an bóthar de ló 'gus d'oíche Is cailín scaite mé 'tá ag siúl an bhóthraigh Ag lorg eolais ar Cheapach Chuinn" 1