Aréir is mé go tláth lag, go tabhartha tnáite in easpa chirt Sea dhearcas ag teacht i mo láthair an bhean dob áilne fionnachruth Bhí gruaig a cinn go búclach buí ina slaoda síos go talamh léi Is le glór a béil gur bhuail sí an draíocht ar cheolta sí na Banban Is a chlanna Gael na n-árann, sin é ráiteachas na tairngreacht
Tiocfaidh aon-mhac phrionsa an chomhraic gurb ainm dó siúd Bonaparte An tImpire is an Spáinneach ag cur gárda leis go hAlbain Ní bheidh siúd choíche sásta le háitreabh Rí na Sacsan a fháil Gan buachan cruinn le faobhar a gclaíomh go mbainfidh díol a n-athar dóibh Is a chlanna Gael na n-árann, sin é ráiteachas na tairngreacht
Tiocfaidh cabhair agus fuaim orainn, is béim go léir haiteasach Agus glaofaim' ar ár gcúnamh chun dúbailt' ins na rainceanaibh Agus séidfim 'adharc is biúgal, galltrump' ar dtús an chatha amuigh Beidh smáil is bleást an phúdair ag baint smúit as croíthe na Sasanach Is a chlanna Gael na n-árann, sin é ráiteachas na tairngreacht
Le linn dul as an bpáirc daoibh, bainí go leir bhur hataí dhaoibh Is guí chun Muire Máthair an lá do dhul ar Ghall-phoic Beidh sagairt, easpaig, bráithe is an Pápa ceann na heaglaise Ag guí chun Dé gach lá le fonn an fán do chur ar Shasanaigh Is a chlanna Gael na n-árann, sin é ráiteachas na tairngreacht 1