Dá mbeinn fhéin in Aird Uí Chuain In aice an tsléibhe 'tá i bhfad uaim B'annamh liom gan dul ar cuairt Go gleann na gcuach Dé Domhnaigh
Is iomaí Nollaig a bhí mé fhéin I mBun Abhann Doinne is mé gan chéill Ag iomáint ar an trá bháin Is mo chamán bán ins mo dhorn liom
Agus och och Éire 'lig is ó Éire lionn dubh agus ó 'Sé mo chroí atá trom agus bronach
Nach tuirseach mise anseo liom fhéin Nach n-áirim guth coiligh lonndubh nó traon Gealbhán, smaolach, naoscach fhéin Is chan aithním fhéin an Domhnach
Agus och och Éire 'lig is ó Éire lionn dubh agus ó 'Sé mo chroí atá trom agus bronach
'Sé seo an choraíocht atá buan Ar an tsaol go gcuirfeadh sé cluain Mheallfadh sé an chaora ón uan Agus mheall sé uaimse an óige
Agus och och Éire 'lig is ó Éire lionn dubh agus ó 'Sé mo chroí atá trom agus bronach
Dá mbeadh agam coite is rámh D'iomairfinn liom ar dhroim a' tsnáimh 'S mé ag duil le Dia go sroichfinn slán Is go bhfaighinn bás in Éirinn
Agus och och Éire 'lig is ó Éire lionn dubh agus ó 'Sé mo chroí atá trom agus bronach Agus och och Éire 'lig is ó Éire lionn dubh agus ó 'Sé mo chroí atá trom agus bronach